Ón Spéir Anuas

Níl baint ag an leathanach seo leis an Ghaeltacht nó leis an Ghaeilge ach seo chugaibh gearrscéal gairid a scríobh mé tamall ó shin faoin chogadh sa tSiria. Ó tharla an slad san Éimin a bheith sa nuacht fá láthair, tá sé tráthúil, b’fhéidir, an scéal a fhoilsiú anseo.
Foilsíodh cheana féin é in eagrán mhí Lúnasa de Mionlach, iris Misneach.

 

Ón Spéir Anuas

 

Níor amharc Fatima ar an spéir.

Mhothaigh sí teas na gréine ar a h-aghaidh, chonaic sí scálaí dubha láidire ar an talamh os a comhair agus bhí a fhios aici go raibh lá deas samhraidh acu arís.

Bhí sí sa gharradh bheag ag cúl an tí, ag tógáil leitís agus spionáiste ón iomaire don lón. Chaith sí tamall achan lá amuigh anseo. Faoiseamh ó bhrú an tsaoil.

D’amharc sí ar na h-iomairí eile a bhí aici. Bhí bláth deas ar na trátaí, ar na h-ubhthorthaí agus bhí an cúcamar agus na lintilí ag fás go maith. Dá mbeadh níos mó uisce aici, chuirfeadh sí gráin de ar na trátaí ach bhí sí sásta go mbeadh barr maith aici i mbliana.

Taobh leis na glasraí, bhí iomaire beag bláthanna. Chuir sé lúcháir uirthi go raibh cúpla bláth ar an rós mór dearg a bhí ag fás ina lár. Thug athair Hassan di é nuair nach raibh ann ach planda beag bídeach ar an lá a phós siad, ní mar chuid den phronntanas oifigiúil, ach rud beag di féin mar thuig sé gur bhreá léi plandaí agus go raibh dúil as cuimse aici i gcumhra an róis. Bhí an planda breá aibí anois, chomh hard lena gualainn agus chomh leathan céanna. Nuair a bheadh sé lán bláthanna i gcionn coicíse nó mar sin, bhainfeadh sí an chuid is mó acu agus thriomódh sí iad le húsáid sna milseogaí a dhéanfadh sí san Fhómhar. Ina dhiaidh sin, d’fhágfadh sí na bláthanna eile ar an ghéag agus bheadh na mogóirí róis aici le anlann speisialta a clainne a dhéanamh sa gheimhreadh. Bhí úsáid le achan rud a bhí ag fás sa gharradh aici, ach dhéanfadh sí éisceacht i mbliana leis an chéad chúpla rós. Chuaigh sí chuig an scioból gairdínéireachta a thóg Hassan di agus bhain scian beag géar amach as mála caidéis ag an doras, shiúil go dtí an planda agus ghearr dhá ghas de.

Níor chaith sí súil ar an spéir ar chor ar bith.

Chuaigh sí chuig an dá charn clocha a bhí ag bun an gharraidh agus chuir ceann de na gearrthógaí ina luí go grámhar ar achan cheann acu. Ansin luigh sí síos sa bhearna idir an dá charn agus shín a lámha amach go dtí go raibh sí ag tabhairt croí isteach don bheirt acu, a bolg fúithi sa dóigh is nach bhfeicfeadh sí an spéir.

Hassan a bhí faoina sciathán chlé agus Ahmed faoina sciathán dheis.

Níor chaoin sí an iarraidh seo, ach bhí ualach millteanach ar a croí. Ní raibh a fhios aici ar dhúirt sí paidir féin, mar ní raibh na paidreacha ann a thógfadh an cian di.

Ach chuimhnigh sí.

Chuimhnigh sí ar an lá sé seachtainí ó shin nuair a bhí Ahmed ag súgradh ar an tsráid taobh amuigh den teach lena chairde, ag imirt le sean-liathróid, ag rith agus ag ciceáil mar a chonaic siad déanta ag na himreoirí proifisiúnta ar an teilifís. Bhí cuma níos sine ná a sheacht mbliana ar Ahmed mar bhíodh sé i gcónaí amuigh ag tabhairt lámh chuidithe do Hassan achan deis a fuair sé agus rinne sin níos aibí é, dar le Fatima.

Níor chuala duine ar bith an drón a chaith ceann de na buamaí cliste i dtreo stáisiún na bpóilíní ag ceann na sráide ach chuala siad agus mhothaigh siad uilig an pléascán uafásach.

Rinneadh go leor caointe an lá sin, agus cúpla lá ina dhiaidh. Ní raibh san ionsaí buamála sin ach tús le feachtas millteanach buamála ar an chathair. Bhí sé chomh dona nach raibh siad ábalta fáil amach as an tsráid le Ahmed a chur sa reilig. B’éigin do Hassan a chorp beag scriosta a chur i gcoirneál an gharraidh agus ní raibh ag an tórramh ach cúpla comharsa a raibh sé de chrógacht iontu an teach a fhágáil. B’éigin dó féin an uaigh a dhéanamh. Níor dhúirt sé focal fad is bhé sé ag tochailt ach, i ndiaidh an tórraimh, nuair a bhí sé féin agus Fatima fáiscthe le chéile, bhris an bheirt acu agus níor stad siad a gcaoineadh ar feadh chúpla uair an chloig ina dhiaidh.

Chuimhnigh Fatima ar an rud a dúirt a máthair mhór léi nuair a thoisigh sí a chur suime sa ghairdínéireacht.

“Tig an bheatha ón spéir anuas,” a dúirt sí. Ag caint ar an fhearthainn a bhí sí, ar ndóigh. Thuig Fatima sin agus shíl sí go raibh ciall leis na focla a dúirt an tseanbhean chríonna.

Níor ghlac sí leis anois, áfach. Bhí a fhios aici gurb é an bás a thig anuas ón spéir.

Ina dhiaidh sin, chonacthas di go raibh an spéir lán eitleán, lán trup agus bhí buama i ndiaidh buama ag pléascadh ar fud na cathrach. Leagadh sráideanna tithe, maraíodh na céadta daoine agus d’imigh na mílte eile as an chathair mar theifigh. Corruair bhuail na buamaí agus na diúracáin tairgéid a shílfeá a bheith míleata; níos minice, thit siad ar thithe nó ar scoltacha. Thit cuid acu ar an otharlann, lá.

D’amharc daoine go neirbhíseach ar an spéir anois, ag súil nach bhfeicfeadh siad baraille ag titim ina dtreo as ingearán.

Níor amharc Fatima ar an spéir ar chor ar bith

Mí i ndiaidh mharú Ahmed, bhí sí ag obair sa gharradh nuair a chuala sí scread diúracáin ag tarraingt orthu. Lig sí béic aisti ag iarraidh rabhadh a thabhairt do Hassan, a bhí ag obair ina cheardlann sa teach.

Bhí sí ró-mhall.

Phléasc an diúracán agus leag go talamh í agus, nuair a tháinig sí chuici féin, bhí an teach imithe. Ní raibh fágtha ach ballóg agus deatach agus dusta.

Ní raibh cuimhne ar bith aici ar na rudaí a thit amach sna bomaití nó sna huaireanta i ndiaidh don diúracán pléascadh.

Bhí a fhios aici go raibh sí cumhdaithe le dusta agus le fuil, a cuid féin agus cuid Hassan.

Bhí greim aici ar a raibh fágtha de, ag iarraidh air teacht ar ais, ag impí air anáil a tharraingt, cé go raibh leath a chloiginn imithe.

Bhí a fhios aici go raibh sé marbh ach choinnigh sí uirthi ag caint, ag urnaí, ag caoineadh agus ag screadaíl, ar lorg cuidithe, fiú nuair a thuig sí nach raibh duine ar bith fágtha sa tsráid le cuidiú a thabhairt di.

Fá dheireadh, d’éirigh léi a raibh fágtha de chorp Hassan a tharraingt amach as na spallaí a chumhdaigh é. Bhí brailín trom sa scioból agus chuir sí thart ar a chorp é agus tharraing é go dtí an coirneál céanna sa gharradh ina raibh Ahmed.

Ansin luigh sí isteach ar an obair. Bhain sé dhá uair an chloig aisti poll a thochailt sa chréafóg taobh leis an áit ar cuireadh a mac ach rinne sí é, ag caitheamh na gclocha a bhí sa talamh ar leataobh.

Chuir sí a fear san uaigh úr agus chumhdaigh a chorp leis an chréafóg agus ansin rinne carn de na clocha.

Agus níor amharc sí suas ar an spéir oiread agus uair amháin.

Chaith sí na laethanta ó shin amuigh sa gharradh, ag iarraidh a bheith cóngarach dá fear agus dá mac.

Chodail sí sa scioból a thóg Hassan di. Sin an t-aon fhoscadh a bhí fágtha aici.

Níor amharc sí riamh ar an spéir.

Dá mbeadh aon duine fágtha sa chomharsanacht, bhí a fhios aici go mbeadh siad ag déanamh iontais de nár thóg sí na súile ón talamh roimpi.

Bhí a fhios ag Fatima cad chuige nár amharc sí ar an spéir.

Ní raibh sí ag iarraidh an buama a mharódh í a fheiceáil.

Ón spéir