Dán

Dán gan teideal

 

Tá mé abhus anseo i Machaire Chlochair.

Thoir ansin, tá Ard na gCeapairí, Mín an Iolair agus Sraith na Corcra.

Thiar udaí, tá Tobar na Spáinneach, Mín Doire Dhamh agus Machaire Loiscthe.

Ar mo bhealach amach go Gleann Bheithe, tá maorgacht an Earagail agus fairsingeacht Ghleann Nimhe romham.

Ní mar sin a bhí sráideanna cúnga dorcha iarthar Bhéal Feirste, an áit inar tógadh mé.

Rugadh mé i Cawnpore Street, taobh leis an Kashmir Road. Bhí cairde agam i Benares Street, Bombay Street agus Lucknow Street.

D’fhoghlaim mo dheirfiúr a ceird mar bhanaltra sa Royal Victoria Hospital.

Ach an teanga a labhraim achan lá anseo, d’fhoghlaim mé í sa cheantar sin

ó phobal láidir fial a throid ar son achan uile urú agus séimhiú.