Údarás na Gaeltachta, Údarás ar Strae?

Le deich mbliana anuas, tá tuarascáil i ndiaidh tuarascála, coimisiúnaithe ag Údarás na Gaeltachta, ag tuar bhás na Gaeltachta.

Tá géarchéim mhillteanach ann. Ganntanas fostaíochta. Ganntanas deiseanna do dhaoine óga a mbeatha a bhaint amach sa cheantar inar tógadh iad. Caithfidh siad imeacht as an Ghaeltacht le post fiúntach a fháil. Deir achan cheann den na tuarascálacha go gcaithfear díriú ar na daoine óga sin, iad a choinneáil ina gceantar féin agus saol Gaelach a chur ar fáil dóibh.

Is iad Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta an dá eagraíocht stáit a bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní acu leis na hathruithe atá de dhith a chur i bhfeidhm. Ní raibh de dhíobháil orthu ach samhlaíocht agus tacaíocht ón stát leis na céimeanna a chur in áit a thiontódh an taoide agus a bhéarfadh an Ghaeltacht slán.

Amharc caidé a fuair muid.

Tháinig Straitéis Fiche Bliain ón stát seacht mbliana ó shin. Tá muid trian den bhealach fríd an “turas” agus níl rud ar bith bainte amach acu. Níl sé de dhánacht ag polaiteoir ar bith fiú trácht air ach, i 2010, gealladh dúinn gur seo an rud a dhéanfadh an difear, ní amháin sa Ghaeltacht, ach ar fud na tíre ó thaobh na Gaeilge de.

Tháinig an tÚdarás amach le bealach úr le rangú a dhéanamh ar na ceantracha Gaeltachta chomh maith.

Bhí Catagóir A ann do na ceantracha is láidre Gaeltachta, Catagóir B a bhí mar a bheadh breac-Ghaeltacht ann agus Catagóir C do na ceantracha is laige a bhí sa Ghaeltacht oifigiúil. Chothaigh sin go leor conspóide ag an am nuair a fógraíodh go raibh ceantracha láidre Gaeltachta ar nós Rann na Feirste agus Cúl Aodha i gCatagóir B de thairbhe an toghcheantair ina raibh siad suite ach bhí íos measa le theacht fá na Catagóirí. Shílfeadh duine ar bith siosmaideach go mbeadh buntáiste ag Catagóir A nuair a bheadh an tÚdarás ag dáileadh amach jabanna ar éirigh leo mealladh chun na Gaeltacht leis na ceantracha láidre a dhaingniú. A mhalairt a tharla, ar ndóigh. Ar éigin a bhí an dúch tirim ar pholasaí na gCatagóirí nuair a fógraíodh go raibh comhlacht mhór leighis as na Stáit Aontaithe ag lonnú monarchan i nGaeltacht Dhún na nGall. Cá háit a bhfuil an mhonarcha? Ar an Scrabán, Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair? Cnoc Fola? Gort an Choirce? Ní hea. Cé gur ceantracha láidre Gaeltachta achan áit atá luaite agam thuas, achan cheann acu i gCatagóir A, lonnaíodh an mhonarcha úr ar an Chlochán Liath, ceann de na háiteacha is laige Gaeilge sa Ghaeltacht oifigiúil. An bhfeiceann tú an lóighic ansin? Ní fheiceann, ná mise.

Dála an scéil, níl mise in éadan jabanna a thabhairt chun an Chlocháin Léith ar chor ar bith. Ach meastar gur chaith an tÚdarás níos mó ná €5 milliún leis na jabanna sin a mhealladh go dtí an Clochán Liath agus is beag buntáiste a bheas le feiceáil ó thaobh bhuanú na Gaeltachta, bunchospóir an Údaráis.

Ó thaobh samhlaíochta de, bheifeá ag dréim le athrú suntasach polasaithe le aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí ollmhóra a léiríodh sna tuarascálacha.

Mar shampla, bunaithe ar mholtaí na dtuarascálacha, shílfeá go mbeadh feachtas á eagrú ag an Údarás le gnónna beaga agus comharchumainn as na ceantracha Gaeltachta a bhunú le fostaíocht Ghaelach a chruthú. Ní fhaca mé a leithéid fógraithe ar chor ar bith sa cheantar ina bhfuil mise i mo chónaí.

Déanta na fírinne, níl ach rud amháin úr fógraithe ag an Údarás a chreideann siad a dhéanfaidh difear do shaol na Gaeltachta. Sin na Pleananna Teangan.

Ach bhí an próiséas phleanáil teangan lochtach ón tús.

In áit glacadh le moltaí an Staidéir Chuimsithigh agus déileáil leis an Ghaeltacht mar aonad teangeolaíochta, scaradh na ceantracha éagsúla óna chéile, bunaithe ar na toghcheantair. Mar sin de, tá Gaoth Dobhair, Loch an Iúir, Anagaire agus Rann na Feirste i limistéar amháin agus tá Gort a’ Choirce agus an Fál Carrach i limistéar eile, ag ullmhú pleananna difriúla agus á bhfoilsiú ag amanna difriúla

Ar feadh dhá bhliana, d’oibir coistí beaga go deonach, ag eagrú cruinnithe poiblí, ag éisteacht leis an phobal, ag comhoibriú le saineolaithe phleanáil teangan go dtí go raibh siad réidh leis na pleananna a fhoilsiú. Ansin a fuair siad amach, d’ainneoin na hoibre a rinneadh roimh ré, nach raibh an maoiniú ar fáil leis na pleananna a chur i bhfeidhm mar a ba mhian le pobal na gceantracha éagsúla. Ina áit sin, bhí an tÚdarás ag cur €100,000 ar fáil do gach ceantar, is cuma chomh mór leis nó na riachtanaisí a bhí orthu. Bhí ceantracha a mheas go raibh acu le triúr oibrí pleanála a fhostú thar thréimhse trí bliana agus dúradh leo nach raibh cead acu ach oibrí amháin a fhostú.

Ní iontas ar bith é go bhfuil fearg ar na pobail sin. Obair in aisce, dar le cuid acu.

Ní hé go bhfuil daoine in éadan an pobal bheith i gceannas ar bhuanú na Gaeltachta, ach tá tacaíocht ón stát, agus ón Údarás go háirithe, de dhith go géar agus ní fheictear dom go bhfuil sin amhlaidh.

Is furasta lagmhisneach bheith ort ag smaoineamh ar thodhchaí na Gaeltachta má choinníonn rudaí ag gabháil mar atá siad, nó mar a bhí siad riamh.

Ach tá seans againn go fóill. Mar a dúirt Conchúr Ó Giollagáin, duine de na húdair ar an Staidéar Cuimsitheach, ag scríobh faoi ar Tuairisc.ie ar na mallaibh:

“Má tá aon leigheas le fáil air seo tiocfaidh sé trí iarrachtaí an phobail moltaí na dtuarascálacha éagsúla taighde a chur i bhfeidhm nó trí iarraidh ar an Stát iad a fheidhmiú ar a son. Tá a fhios againn cheana féin cén toradh a bhíonn ar an laissez-faire.”

Sin an dúshlán atá romhainn mar phobal.

An bhfuil ár gcuid polaiteoirí in ann ag an dúshlán sin fosta?

7 dtuairim ar “Údarás na Gaeltachta, Údarás ar Strae?”

  1. Foilsigh agus náirigh (tré iad a chur i mbun más féidir le airgead 7rl). Súil agam teacht suas i mí Eanáir le am a chaitheamh thuas. Fanfaidh mé i dteagmháil leat fé.

    Moladh

  2. Níl aon mhaith a bheith ag brath ar pholaiteoirí. Cathfidh an poball páirc catha a ullmhú agus tabhairt faoi, le hagóid agus le heasumhailíocht shibhialta. Ba ar an dóigh sin a fuaireadh Rath Cairn, TG4, Radió na Gaeltachta agus cáipéisí árachais i nGaeilge blianta ó shin. Muna ndeineann an pobal troid i ndáiríre ní bheadh ach an bás i ndán don Ghaeltacht.

    Molta ag 1 person

    1. Tá an ceart ar fad agat. Ach mar a dúirt mé san alt, tá easpa ceannaireachta ó cheann ar bith de na páirtithe polaitíochta agus an ghlúin a mbeifeá ag súil le troid a dhéanamh, tá siad ar shiúl ón Ghaeltacht. Scéal casta atá ann.

      Moladh

Freagra